An Bíobla Naofa 1981
⛶An Briathar do Dé Sathairn, 24 Deireadh Fómhair, 2026
Bíodh do bhuanghrá ina ábhar sóláis dom, mar a gheall tú do do ghiolla.
Salm 119:76
Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air.
Lúcás 2:25
Salm 119
|
75
Tuigim, a Thiarna, gur cóir iad d’fhoraitheanta; agus gur le barr dílseachta a chráigh tú mé. |
|
76
Bíodh do bhuanghrá ina ábhar sóláis dom, mar a gheall tú do do ghiolla. |
|
77
Bíodh trua agat dom agus mairfidh mé, óir is aoibhinn liom do dhlí. |
Lúcás 2
| 24 agus chun go n-ofrálfaidís mar íobairt, de réir a bhfuil ráite i ndlí an Tiarna, “péire colm nó dhá ghearrcach colúir.” |
| 25 Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air. |
| 26 Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna. |