Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Domhnaigh, 14 Nollaig, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sé lena seachtód: Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc.

Lúcás 10:18

Lom sé na tiarnais agus na húdaráis, chuir ar taispeáint iad os comhair an tsaoil agus d’ardaigh leis iad i gcaithréim na croise.

Colosaigh 2:15

Lúcás 10 (An Bíobla Naofa 1981)

15 Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú!
16 An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”
17 Tháinig an dó seachtód ar ais agus áthas orthu, ag rá: “A Thiarna, tá na deamhain féin faoinár smacht i d’ainmse.”
18 Dúirt sé leo: “Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc.
19 Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh.
20 Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n-ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.”
21 An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Beirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d’fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é.

Read more...(to top)

Colosaigh 2 (An Bíobla Naofa 1981)

12 Comhadhlacadh sibh in éineacht leis sa bhaisteadh agus chomhéirigh sibh ó mhairbh in éineacht leis chomh maith as ucht an chreidimh a bhí agaibh i gcumhacht Dé a thóg ó mhairbh é.
13 Bhí sibh marbh de dheasca bhur gcionta agus de cheal timpeallghearradh na colainne; ach d’athbheoigh [Dia] sibh i bpáirt le Críost; mhaith sé dúinn ár gcionta uile,
14 agus an banna scríofa úd a bhí inár gcoinne lena chuid forálacha chuir sé ar ceal é agus ghlan as an tslí é á thairneáil ar an gcrois.
15 Lom sé na tiarnais agus na húdaráis, chuir ar taispeáint iad os comhair an tsaoil agus d’ardaigh leis iad i gcaithréim na croise.
16 Dá chionn sin ná ligigí d’aon duine a bheith ag ordúchán oraibh faoi chúrsaí bia agus dí ná i dtaobh féilte cinn bhliana nó féilte míosúla nó laethanta sabóide.
17 Níl sna cúrsaí sin ach scáil na nithe a bhí le teacht ach is é Críost an t-ábhar féin.
18 Agus ná ligigí d’aon duine calaois a imirt oraibh ar scáth na huirísleachta ná adhradh na n-aingeal. Ag brath ar a bhfuil feicthe aige féin a bhíonn a leithéid siúd agus é i mborr le bród díomhaoin as a mheon saolta féin.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Jesus said to the seventy-two, I saw Satan fall like lightning from heaven.

Luke 10:18

God disarmed the rulers and authorities and put them to open shame, by triumphing over them in him.

Colossians 2:15

Lúcás 10 (English Standard Version)

15 And you, Capernaum, will you be exalted to heaven? You shall be brought down to Hades.
16 “The one who hears you hears me, and the one who rejects you rejects me, and the one who rejects me rejects him who sent me.”
17 The seventy-two returned with joy, saying, “Lord, even the demons are subject to us in your name!”
18 And he said to them,
“I saw Satan fall like lightning from heaven.
19 Behold, I have given you authority to tread on serpents and scorpions, and over all the power of the enemy, and nothing shall hurt you.
20 Nevertheless, do not rejoice in this, that the spirits are subject to you, but rejoice that your names are written in heaven.”
21 In that same hour he rejoiced in the Holy Spirit and said,
“I thank you, Father, Lord of heaven and earth, that you have hidden these things from the wise and understanding and revealed them to little children; yes, Father, for such was your gracious will.

Read more...(to top)

Colosaigh 2 (English Standard Version)

12 having been buried with him in baptism, in which you were also raised with him through faith in the powerful working of God, who raised him from the dead.
13 And you, who were dead in your trespasses and the uncircumcision of your flesh, God made alive together with him, having forgiven us all our trespasses,
14 by canceling the record of debt that stood against us with its legal demands. This he set aside, nailing it to the cross.
15 He disarmed the rulers and authorities and put them to open shame, by triumphing over them in him.
16 Therefore let no one pass judgment on you in questions of food and drink, or with regard to a festival or a new moon or a Sabbath.
17 These are a shadow of the things to come, but the substance belongs to Christ.
18 Let no one disqualify you, insisting on asceticism and worship of angels, going on in detail about visions, puffed up without reason by his sensuous mind,

Read more...(to top)