Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Luain, 6 Iúil, 2026

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Íosa lena dheisceabail:

An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.

Lúcás 10:16

Chun a chuid féin a tháinig agus níor ghlac a mhuintir é.

Eoin 1:11

Lúcás 10 (An Bíobla Naofa 1981)

13 “Is mairg duit, a Chorazáin! is mairg duitse, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus sa tSíodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach.
14 Ach is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag an tSíodón sa bhreithiúnas ná agaibhse.
15 Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú!
16 An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”
17 Tháinig an dó seachtód ar ais agus áthas orthu, ag rá: “A Thiarna, tá na deamhain féin faoinár smacht i d’ainmse.”
18 Dúirt sé leo: “Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc.
19 Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpe agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh.

Read more...(to top)

Eoin 1 (An Bíobla Naofa 1981)

8 Níorbh é féin an solas
ach tháinig ag tabhairt fianaise i dtaobh an tsolais.
9 An solas fírinneach
a shoilsíonn gach aon duine,
bhí sé ag teacht ar an saol.
10 Bhí sé ar an saol
agus is tríd a rinneadh an saol,
agus níor aithin an saol é.
11 Chun a chuid féin a tháinig
agus níor ghlac a mhuintir é.
12 Ach an uile dhuine a ghlac é,
thug sé de cheart dóibh
go ndéanfaí clann Dé díobh,
dóibh seo a chreideann ina ainm,
13 an mhuintir nach as folanna a rugadh iad
ná as toil feola,
ná as toil fir ach ó Dhia.
14 Agus rinneadh feoil den Bhriathar
agus chónaigh sé inár measc,
agus chonacamar-na a ghlóir,
a ghlóir mar Aonghin ón Athair,
lán de ghrásta agus d’fhírinne.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Jesus said to the disciples:

The one who hears you hears me, and the one who rejects you rejects me, and the one who rejects me rejects him who sent me.

Luke 10:16

He came to his own, and his own people did not receive him.

John 1:11

Lúcás 10 (English Standard Version)

13 “Woe to you, Chorazin! Woe to you, Bethsaida! For if the mighty works done in you had been done in Tyre and Sidon, they would have repented long ago, sitting in sackcloth and ashes.
14 But it will be more bearable in the judgment for Tyre and Sidon than for you.
15 And you, Capernaum, will you be exalted to heaven? You shall be brought down to Hades.
16 “The one who hears you hears me, and the one who rejects you rejects me, and the one who rejects me rejects him who sent me.”
17 The seventy-two returned with joy, saying, “Lord, even the demons are subject to us in your name!”
18 And he said to them,
“I saw Satan fall like lightning from heaven.
19 Behold, I have given you authority to tread on serpents and scorpions, and over all the power of the enemy, and nothing shall hurt you.

Read more...(to top)

Eoin 1 (English Standard Version)

8 He was not the light, but came to bear witness about the light.
9 The true light, which enlightens everyone, was coming into the world.
10 He was in the world, and the world was made through him, yet the world did not know him.
11 He came to his own, and his own people did not receive him.
12 But to all who did receive him, who believed in his name, he gave the right to become children of God,
13 who were born, not of blood nor of the will of the flesh nor of the will of man, but of God.
14 And the Word became flesh and dwelt among us, and we have seen his glory, glory as of the only Son from the Father, full of grace and truth.

Read more...(to top)