Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< An Briathar do Dé Luain, 15 Nollaig, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Déanann Dia cúiteamh leis an duine de réir a oibreacha, Agus de réir bearta a shaoil a thugann sé luach saothair dó.

Iób 34:11

Dúirt Pól le hEilimeas draoi:

Féach, tá lámh an Tiarna anois ort: beidh tú dall agus ní fheicfidh tú an ghrian go dtí an uair atá ceaptha aige. Ar an mball tháinig scamall dorcha anuas air agus thosaigh sé ag dul timpeall ag lorg daoine a dhéanfadh giollaíocht air.

Gníomhartha 13:11

Iób 34 (An Bíobla Naofa 1981)

8 Agus a dhéanann caidreamh le lucht déanta an oilc
Agus a shiúlann le hurchóidigh?
9 Mar nár dhúirt sé: “Saothar in aisce é
Do dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.”
10 Éistigí dá bhrí sin liomsa, a lucht na heagna;
Is fada ó Dhia an choirpeacht
Agus an éagóir ón Uilechumhachtach.
11 Déanann sé cúiteamh leis an duine de réir a oibreacha,
Agus de réir bearta a shaoil a thugann sé luach saothair dó.
12 Is léir nach ndéanfaidh Dia éagóir,
Agus ní chlaonann an tUilechumhachtach an bhreith;
13 Cé chuir an chruinne faoina chúram
Agus an saol mór ina iontaoibh?
14 Dá dtarraingeodh sé a spiorad ar ais chuige féin,
Agus a anáil a bhailiú chuige féin,

Read more...(to top)

Gníomhartha 13 (An Bíobla Naofa 1981)

8 Ach chuir Eilimeas draoi – is ionann a ainm “Eilimeas” agus draoi – ina gcoinne d’fhonn an próchonsal a choimeád ón gcreideamh.
9 Ach bhí Sól – nó Pól is é sin – lán den Spiorad Naomh agus d’fhéach idir an dá shúil air:
10 “A dhuine atá lán den uile chealg is ghliceas,” ar seisean, “a mhic an diabhail agus a namhaid na huile chóra, nach stadfá de bheith ag camadh slite díreacha an Tiarna?
11 Féach, tá lámh an Tiarna anois ort: beidh tú dall agus ní fheicfidh tú an ghrian go dtí an uair atá ceaptha aige.” Ar an mball tháinig scamall dorcha anuas air agus thosaigh sé ag dul timpeall ag lorg daoine a dhéanfadh giollaíocht air.
12 Nuair a chonaic an próchonsal an ní a tharla, tháinig alltacht air faoi theagasc an Tiarna agus chreid sé.
13 Chuaigh Pól agus a bhuíon chun farraige ó Phafos agus tháinig siad go Peirgé i bPaimfile. D’fhág Eoin ansin iad agus chuaigh ar ais go Iarúsailéim.
14 Lean siadsan orthu nó gur tháinig siad go dtí Aintíoch na Pisíde. Chuaigh siad isteach sa tsionagóg lá na sabóide agus shuigh siad fúthu.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

According to the work of a man God will repay him, and according to his ways he will make it befall him.

Job 34:11

Paul said to Elymas the magician:

“Behold, the hand of the Lord is upon you, and you will be blind and unable to see the sun for a time.” Immediately mist and darkness fell upon him, and he went about seeking people to lead him by the hand.

Acts 13:11

Iób 34 (English Standard Version)

8 who travels in company with evildoers
and walks with wicked men?
9 For he has said, ‘It profits a man nothing
that he should take delight in God.’
10 “Therefore, hear me, you men of understanding:
far be it from God that he should do wickedness,
and from the Almighty that he should do wrong.
11 For according to the work of a man he will repay him,
and according to his ways he will make it befall him.
12 Of a truth, God will not do wickedly,
and the Almighty will not pervert justice.
13 Who gave him charge over the earth,
and who laid on him the whole world?
14 If he should set his heart to it
and gather to himself his spirit and his breath,

Read more...(to top)

Gníomhartha 13 (English Standard Version)

8 But Elymas the magician (for that is the meaning of his name) opposed them, seeking to turn the proconsul away from the faith.
9 But Saul, who was also called Paul, filled with the Holy Spirit, looked intently at him
10 and said, “You son of the devil, you enemy of all righteousness, full of all deceit and villainy, will you not stop making crooked the straight paths of the Lord?
11 And now, behold, the hand of the Lord is upon you, and you will be blind and unable to see the sun for a time.” Immediately mist and darkness fell upon him, and he went about seeking people to lead him by the hand.
12 Then the proconsul believed, when he saw what had occurred, for he was astonished at the teaching of the Lord.
13 Now Paul and his companions set sail from Paphos and came to Perga in Pamphylia. And John left them and returned to Jerusalem,
14 but they went on from Perga and came to Antioch in Pisidia. And on the Sabbath day they went into the synagogue and sat down.

Read more...(to top)