An Bíobla Naofa 1981
⛶An Briathar do Dé hAoine, 23 Deireadh Fómhair, 2026
Nuair a thiocfaidh sé, an tAbhcóide chugaibh, áiteoidh sé ar an saol go bhfuil an éagóir aige i dtaobh an pheaca, agus i dtaobh an chirt, agus i dtaobh an bhreithiúnais.
Eoin 16:8
Déanaigí aithrí, déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh.
Gníomhartha 2:38
Eoin 16
|
7
Insím an fhírinne daoibh, áfach: is é bhur leas mise a imeacht, mar mura n-imeoidh mé, ní thiocfaidh an tAbhcóide chugaibh; ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é. |
|
8
Agus nuair a thiocfaidh sé, áiteoidh sé ar an saol go bhfuil an éagóir aige i dtaobh an pheaca, agus i dtaobh an chirt, agus i dtaobh an bhreithiúnais. |
| 9 I dtaobh an pheaca, de bhrí nár chreid siad ionam; |
Gníomhartha 2
| 37 Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?” |
| 38 Agus d’fhreagair Peadar iad: “Déanaigí aithrí,” ar seisean, “déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh; |
| 39 mar is daoibhse agus do bhur gclann atá an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl – don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige.” |