Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Déardaoin, 4 Nollaig, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Tar éis aiséirí dó maidin an chéad lae den tseachtain, thaispeáin sé é féin ar dtús do Mháire Mhaigdiléana, an bhean as ar chaith sé seacht ndeamhain amach. D’imigh sise agus d’inis sí é don mhuintir a bhíodh in éineacht leis, agus iadsan ag caoi agus ag gol.

Marcas 16:9-10

Mar is chuige seo a fuair Críost bás agus a d’éirigh beo: chun go mbeadh tiarnas ar bheo agus ar mhairbh araon aige.

Rómhánaigh 14:9

Marcas 16 (An Bíobla Naofa 1981)

6 Ach dúirt sé leo: “Ná bíodh scéin oraibh. Íosa an Nazairéanach, an té a céasadh, atá sibh a lorg. D’éirigh sé. Níl sé anseo. Féach an áit inar chuir siad é.
7 Ach imígí agus abraigí lena dheisceabail agus le Peadar: ‘Tá sé ag dul romhaibh don Ghailíl; ansiúd a fheicfidh sibh é faoi mar a dúirt sé libh.’”
8 Tháinig na mná amach agus theith siad ón tuama mar ghabh scanradh agus uamhan iad. Agus ní dúirt siad aon ní le haon duine; óir bhí eagla orthu.
9 Tar éis aiséirí dó maidin an chéad lae den tseachtain, thaispeáin sé é féin ar dtús do Mháire Mhaigdiléana, an bhean as ar chaith sé seacht ndeamhain amach.
10 D’imigh sise agus d’inis sí é don mhuintir a bhíodh in éineacht leis, agus iadsan ag caoi agus ag gol.
11 Ach nuair a chuala siadsan go raibh sé beo, agus go raibh sé feicthe aici, níor chreid siad.
12 Ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin, i riocht eile, do bheirt acu agus iad ar an tslí ag gabháil amach faoin tuath.
13 Tháinig siadsan ar ais agus d’inis don chuid eile é, ach ní mó ná sin a chreid siad iadsan.

Read more...(to top)

Rómhánaigh 14 (An Bíobla Naofa 1981)

6 An fear a dhéanann lá áirithe a chomóradh, is chun onóra Dé a dhéanann sé é. Agus an fear a chaitheann cineál áirithe bia is chun onóra Dé a chaitheann sé é agus is do Dhia a altaíonn sé. Agus an fear a staonann ó bhia áirithe is chun onóra Dé a staonann sé uaidh, agus is do Dhia a altaíonn seisean chomh maith.
7 Ní dó féin a mhaireann aon duine againn ná ní dó féin a fhaigheann sé bás.
8 Má mhairimid beo is don Tiarna a mhairimid, agus más bás a fhaighimid is don Tiarna a fhaighimid bás chomh maith. Cibé acu beo nó marbh dúinn, mar sin, is leis an Tiarna sinn.
9 Mar is chuige seo a fuair Críost bás agus a d’éirigh beo: chun go mbeadh tiarnas ar bheo agus ar mhairbh araon aige.
10 Tusa, más ea, cad ab áil leat ag tabhairt breithe ar do bhráthair? Nó tusa, cad ab áil leat drochmheas a bheith ar do bhráthair agat? Mar caithfimid go léir seasamh os comhair suí breithiúnais Dé,
11 mar tá scríofa: “Dar mo bheo,” a deir an Tiarna, “ach go bhfeacfar gach glúin os mo chomhair agus déanfaidh gach teanga admháil do Dhia.”
12 Dá réir sin tabharfaidh gach duine dínn cuntas air féin do Dhia.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

When Jesus rose early on the first day of the week, he appeared first to Mary Magdalene, from whom he had cast out seven demons. She went and told those who had been with him, as they mourned and wept.

Mark 16:9-10

To this end Christ died and lived again, that he might be Lord both of the dead and of the living.

Romans 14:9

Marcas 16 (English Standard Version)

6 And he said to them, “Do not be alarmed. You seek Jesus of Nazareth, who was crucified. He has risen; he is not here. See the place where they laid him.
7 But go, tell his disciples and Peter that he is going before you to Galilee. There you will see him, just as he told you.”
8 And they went out and fled from the tomb, for trembling and astonishment had seized them, and they said nothing to anyone, for they were afraid.
9 [[Now when he rose early on the first day of the week, he appeared first to Mary Magdalene, from whom he had cast out seven demons.
10 She went and told those who had been with him, as they mourned and wept.
11 But when they heard that he was alive and had been seen by her, they would not believe it.
12 After these things he appeared in another form to two of them, as they were walking into the country.
13 And they went back and told the rest, but they did not believe them.

Read more...(to top)

Rómhánaigh 14 (English Standard Version)

6 The one who observes the day, observes it in honor of the Lord. The one who eats, eats in honor of the Lord, since he gives thanks to God, while the one who abstains, abstains in honor of the Lord and gives thanks to God.
7 For none of us lives to himself, and none of us dies to himself.
8 For if we live, we live to the Lord, and if we die, we die to the Lord. So then, whether we live or whether we die, we are the Lord's.
9 For to this end Christ died and lived again, that he might be Lord both of the dead and of the living.
10 Why do you pass judgment on your brother? Or you, why do you despise your brother? For we will all stand before the judgment seat of God;
11 for it is written,
“As I live, says the Lord, every knee shall bow to me,
and every tongue shall confess to God.”
12 So then each of us will give an account of himself to God.

Read more...(to top)