Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Céadaoin, 5 Samhain, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa.

Eifisigh 1:18

Íosa Críost a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia sinn agus dá athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta.

Apacailipsis (Taispeántadh) 1:6

Eifisigh 1 (An Bíobla Naofa 1981)

15 Sin é an fáth, ón uair a chuala mé iomrá ar an gcreideamh atá agaibhse sa Tiarna Íosa agus ar an ngrá atá agaibh do na naoimh go léir,
16 nar stad mé ach ag gabháil buíochais le Dia ar bhur son agus ag cuimhneamh oraibh i m’urnaithe.
17 Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air.
18 Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa
19 agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh – an chumhacht éachtach úd
20 a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é
21 go hard os cionn gach ceannas agus údarás agus cumhacht agus tiarnas agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith.

Read more...(to top)

Apacailipsis (Taispeántadh) 1 (An Bíobla Naofa 1981)

3 Is méanar dó seo a léann os ard agus a éisteann le focail na fáistine seo agus a choimeádann a bhfuil scríofa inti; óir tá an uain in achomaireacht.
4 Eoin chun na seacht n-eaglaisí san Áise: Grásta chugaibh, agus síocháin ón té atá, a bhí, agus atá le teacht, agus ó na seacht spiorad os comhair a ríchathaoireach
5 agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéadghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin,
6 agus a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia agus dá athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta. Amen.
7 Féach, tá sé ag teacht ar néalta neimhe, agus feicfidh gach duine lena súile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Amen.
8 “Mise an tAlfa agus an tÓimige,” a deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, an tUilechumhachtach.
9 Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus san fhoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

God have the eyes of your hearts enlightened, that you may know what is the hope to which he has called you, what are the riches of his glorious inheritance in the saints.

Ephesians 1:18

Jesus Christ made us a kingdom, priests to his God and Father, to him be glory and dominion forever and ever.

Revelation 1:6

Eifisigh 1 (English Standard Version)

15 For this reason, because I have heard of your faith in the Lord Jesus and your love toward all the saints,
16 I do not cease to give thanks for you, remembering you in my prayers,
17 that the God of our Lord Jesus Christ, the Father of glory, may give you a spirit of wisdom and of revelation in the knowledge of him,
18 having the eyes of your hearts enlightened, that you may know what is the hope to which he has called you, what are the riches of his glorious inheritance in the saints,
19 and what is the immeasurable greatness of his power toward us who believe, according to the working of his great might
20 that he worked in Christ when he raised him from the dead and seated him at his right hand in the heavenly places,
21 far above all rule and authority and power and dominion, and above every name that is named, not only in this age but also in the one to come.

Read more...(to top)

Apacailipsis (Taispeántadh) 1 (English Standard Version)

3 Blessed is the one who reads aloud the words of this prophecy, and blessed are those who hear, and who keep what is written in it, for the time is near.
4 John to the seven churches that are in Asia:
Grace to you and peace from him who is and who was and who is to come, and from the seven spirits who are before his throne,
5 and from Jesus Christ the faithful witness, the firstborn of the dead, and the ruler of kings on earth.
To him who loves us and has freed us from our sins by his blood
6 and made us a kingdom, priests to his God and Father, to him be glory and dominion forever and ever. Amen.
7 Behold, he is coming with the clouds, and every eye will see him, even those who pierced him, and all tribes of the earth will wail on account of him. Even so. Amen.
8 “I am the Alpha and the Omega,” says the Lord God, “who is and who was and who is to come, the Almighty.”
9 I, John, your brother and partner in the tribulation and the kingdom and the patient endurance that are in Jesus, was on the island called Patmos on account of the word of God and the testimony of Jesus.

Read more...(to top)