Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Déardaoin, 4 Meán Fómhair, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Scriobh Pól le Filéamón:

Gabhaim buíochas le mo Dhia gach uair dá gcuimhním ort i m’urnaithe.

Filéamón 4

Scríobh Pól:

Nar stad mé ach ag gabháil buíochais le Dia ar bhur son agus ag cuimhneamh oraibh i m’urnaithe. Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air.

Eifisigh 1:16-17

Filéamón 1 (An Bíobla Naofa 1981)

1 Mise Pól, géibheannach ar son Íosa Críost, agus an bráthair Tiomóid, beannaímid dár gcara agus dár gcomhoibrí Filéamón,
2 don tsiúr Aipfia agus dár gcomhshaighdiúir, Airchipeas, agus don eaglais a bhíonn i do theach agat.
3 Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
4 Gabhaim buíochas le mo Dhia gach uair dá gcuimhním ort i m’urnaithe.
5 Mar tá iomrá á chlos agam ar an gcreideamh agus ar an ngrá atá agat i leith an Tiarna Íosa agus an phobail naofa uile.
6 Is é mo ghuí go gcuirfidh an creideamh atá i bpáirt againn ar do chumas duit gach maith atá againn i gCríost a thuiscint.
7 Ba mhór an lúcháir agus an sólás domsa an grá sin agatsa, a bhráthair, mar go bhfuil croí á thabhairt agat don phobal naofa.

Read more...(to top)

Eifisigh 1 (An Bíobla Naofa 1981)

13 Agus is i bpáirt leis a roghnaíodh sibhse freisin,
nuair a chuala sibhse briathar na fírinne
agus dea-scéal bhur slánaithe,
nuair a chreid sibh ann agus
gur buaileadh oraibh stampa an Spioraid Naoimh a bhí geallta.
14 Is éarlais an Spiorad ar ár n-oidhreacht
nó go bhfaighimid seilbh iomlán uirthi;
chun moladh a ghlóire.
15 Sin é an fáth, ón uair a chuala mé iomrá ar an gcreideamh atá agaibhse sa Tiarna Íosa agus ar an ngrá atá agaibh do na naoimh go léir,
16 nar stad mé ach ag gabháil buíochais le Dia ar bhur son agus ag cuimhneamh oraibh i m’urnaithe.
17 Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air.
18 Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa
19 agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh – an chumhacht éachtach úd
20 a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Paulus writes to Philemon:

I thank my God always when I remember you in my prayers.

Philemon 1:4

Paul writes:

I remember you in my prayers, that the God of our Lord Jesus Christ, the Father of glory, may give you a spirit of wisdom and of revelation in the knowledge of him.

Ephesians 1:16-17

Filéamón 1 (English Standard Version)

1 Paul, a prisoner for Christ Jesus, and Timothy our brother,
To Philemon our beloved fellow worker
2 and Apphia our sister and Archippus our fellow soldier, and the church in your house:
3 Grace to you and peace from God our Father and the Lord Jesus Christ.
4 I thank my God always when I remember you in my prayers,
5 because I hear of your love and of the faith that you have toward the Lord Jesus and for all the saints,
6 and I pray that the sharing of your faith may become effective for the full knowledge of every good thing that is in us for the sake of Christ.
7 For I have derived much joy and comfort from your love, my brother, because the hearts of the saints have been refreshed through you.

Read more...(to top)

Eifisigh 1 (English Standard Version)

13 In him you also, when you heard the word of truth, the gospel of your salvation, and believed in him, were sealed with the promised Holy Spirit,
14 who is the guarantee of our inheritance until we acquire possession of it, to the praise of his glory.
15 For this reason, because I have heard of your faith in the Lord Jesus and your love toward all the saints,
16 I do not cease to give thanks for you, remembering you in my prayers,
17 that the God of our Lord Jesus Christ, the Father of glory, may give you a spirit of wisdom and of revelation in the knowledge of him,
18 having the eyes of your hearts enlightened, that you may know what is the hope to which he has called you, what are the riches of his glorious inheritance in the saints,
19 and what is the immeasurable greatness of his power toward us who believe, according to the working of his great might
20 that he worked in Christ when he raised him from the dead and seated him at his right hand in the heavenly places,

Read more...(to top)