Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Céadaoin, 3 Meán Fómhair, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Maidir libhse, a thugann ómós do m’ainm, éireoidh oraibh grian na fíréantachta, a bhfuil íocshláinte ina gathanna aici, agus gluaisfidh sibh amach agus sibh ag pocléimneach mar ghamhna a scaoilfí amach as stábla.

Malaicí 3:20

An fear ar tharla an mhíorúilt leighis seo dó, bhí sé os cionn daichead bliain d’aois.

Gníomhartha 4:22

Malaicí 3 (An Bíobla Naofa 1981)

17 “Ar an lá atá á reiteach agam beidh siad ina maoineach agam, a deir Tiarna na Slua, agus beidh trua agam dóibh faoi mar a bhíonn trua ag duine don mhac a bhíonn umhal dó.
18 Ansin aithneoidh sibh aon uair amháin eile an difríocht atá idir an dea-dhuine agus an drochdhuine, idir an té a dhéanann seirbhís do Dhia agus an té nach ndéanann.
19 “Óir, féach, tá an lá ag teacht, agus é ar dearglasadh mar fhoirnéis, a mbeidh na scigirí uile agus lucht déanta an oilc go léir mar choinleach, agus ídeoidh an lá atá le teacht iad sa chaoi nach bhfágfaidh sé fréamh ná craobh acu, a deir Tiarna na Slua.
20 Ach, maidir libhse, a thugann ómós do m’ainm, éireoidh oraibh grian na fíréantachta, a bhfuil íocshláinte ina gathanna aici, agus gluaisfidh sibh amach agus sibh ag pocléimneach mar ghamhna a scaoilfí amach as stábla.
21 Satlóidh sibh ar dhrochdhaoine; is ea, beidh siad mar luaithreach faoi bhoinn bhur gcos ar an lá atá a réiteach agam, a deir Tiarna na Slua.
22 “Coimeádaigí cuimhne ar dhlí Mhaois, mo sheirbhíseach; óir, is dó a thug mé dlíthe agus reachtanna ar Horaeb i gcomhair Iosrael go léir.
23 “Féach! Tá sé beartaithe agam an fáidh, Éilias, a chur chugaibh sula dtiocfaidh lá mór scéiniúil an Tiarna.

Read more...(to top)

Gníomhartha 4 (An Bíobla Naofa 1981)

19 D’fhreagair Peadar agus Eoin iad, áfach: “Fágaimid fúibh féin a mheas,” ar siad, “cé acu is córa dúinn i bhfianaise Dé, rud a dhéanamh oraibhse nó ar Dhia.
20 Mar ní féidir dúinn gan labhairt ar a bhfuil feicthe agus cloiste againn.”
21 Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach.
22 An fear ar tharla an mhíorúilt leighis seo dó, bhí sé os cionn daichead bliain d’aois.
23 Tar éis a scaoilte chuaigh siad go dtí a muintir féin agus thug tuairisc dóibh ar gach ní dá ndúirt na hardsagairt agus na seanóirí leo.
24 Ar chlos an scéil dóibhsean ghuigh siad os ard d’aonghuth chun Dé. “A Mháistir,” ar siad, “is tusa a rinne neamh agus talamh agus an mhuir agus gach a bhfuil iontu.
25 Is tú a dúirt tríd an Spiorad Naomh, trí bhéal do sheirbhísigh, ár n-athair Dáiví:
‘Cad ab áil leis na ciníocha bheith ar buile le feirg?
Cad ab áil leis na náisiúin nithe baotha a bheartú?

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

For you who fear my name, the sun of righteousness shall rise with healing in its wings. You shall go out leaping like calves from the stall.

Malachi 4:2

The man on whom this sign of healing was performed was more than forty years old.

Acts 4:22

Malaicí 4 (English Standard Version)

1 “For behold, the day is coming, burning like an oven, when all the arrogant and all evildoers will be stubble. The day that is coming shall set them ablaze, says the Lord of hosts, so that it will leave them neither root nor branch.
2 But for you who fear my name, the sun of righteousness shall rise with healing in its wings. You shall go out leaping like calves from the stall.
3 And you shall tread down the wicked, for they will be ashes under the soles of your feet, on the day when I act, says the Lord of hosts.
4 “Remember the law of my servant Moses, the statutes and rules that I commanded him at Horeb for all Israel.
5 “Behold, I will send you Elijah the prophet before the great and awesome day of the Lord comes.

Read more...(to top)

Gníomhartha 4 (English Standard Version)

19 But Peter and John answered them, “Whether it is right in the sight of God to listen to you rather than to God, you must judge,
20 for we cannot but speak of what we have seen and heard.”
21 And when they had further threatened them, they let them go, finding no way to punish them, because of the people, for all were praising God for what had happened.
22 For the man on whom this sign of healing was performed was more than forty years old.
23 When they were released, they went to their friends and reported what the chief priests and the elders had said to them.
24 And when they heard it, they lifted their voices together to God and said, “Sovereign Lord, who made the heaven and the earth and the sea and everything in them,
25 who through the mouth of our father David, your servant, said by the Holy Spirit,
“‘Why did the Gentiles rage,
and the peoples plot in vain?

Read more...(to top)