Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Céadaoin, 14 Eanáir, 2026

An Bíobla Naofa 1981

Is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.

Salm 146:7

Bhuail an t-aingeal Peadar sa chliathán agus dhúisigh é á rá: “Éirigh i do sheasamh go tapa.” Leis sin thit na slabhraí dá lámha.

Gníomhartha 12:7

Salm 146 (An Bíobla Naofa 1981)

4 Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chré
agus téann a bhearta ar ceal an uair sin.
5 Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacóib;
a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia,
6 an té a rinne neamh agus talamh,
an fharraige, agus gach a bhfuil iontu.
An té a sheasann lena bhriathar de shíor;
7 agus a dhéanann ceart don dream atá faoi chois.
Is é a thugann bia don ocrach.
Is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.
8 Osclaíonn sé súile na ndall. Tógann sé suas an dream atá crom. Tugann an Tiarna grá don fhíréan;
9 Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch; déanann sé tacaíocht don dílleachtaí is don bhaintreach. ach cuireann sé slí na bpeacach trína chéile.
10 Beidh an Tiarna i réim go brách,
ina Dhia agat, a Shíón, ó ghlúin go glúin.

Read more...(to top)

Gníomhartha 12 (An Bíobla Naofa 1981)

4 agus tar éis dó é a ghabháil, chuir sé i bpríosún é agus d’fhág ceithre scuaid saighdiúirí á choimeád agus é de rún aige é a thabhairt os comhair an phobail tar éis na Cásca.
5 Fad a bhí Peadar á choimeád sa phríosún, áfach, bhí urnaí á déanamh gan staonadh chun Dé ar a shon ag an Eaglais.
6 An oíche sula raibh Héaród chun é a thabhairt os comhair an phobail, bhí Peadar ina chodladh idir beirt shaighdiúirí agus dhá shlabhra faoi agus bhí garda os comhair an gheata ag faire an phríosúin.
7 Go tobann sheas aingeal ón Tiarna os a chomhair agus las solas sa seomra. Bhuail an t-aingeal Peadar sa chliathán agus dhúisigh é á rá: “Éirigh i do sheasamh go tapa.” Leis sin thit na slabhraí dá lámha.
8 “Fáisc ort do chrios agus cuir ort do bhróga,” arsa an t-aingeal leis, agus rinne sé amhlaidh. “Cuir umat do bhrat,” arsa an t-aingeal arís leis, “agus lean mise.”
9 Lean sé amach é agus gan a fhios aige gur fíor a raibh á dhéanamh ag an aingeal; cheap sé gur aisling a bhí á feiceáil aige.
10 Ghluais siad thar an gcéad gharda agus thar an dara garda nó gur tháinig siad go dtí an geata iarainn a sheolann chun na cathrach. D’oscail an geata dóibh uaidh féin agus amach leo. Shiúil siad rompu fad sráide agus ansin de phreab, d’imigh an t-aingeal as a radharc.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

The Lord sets the prisoners free.

Psalm 146:7

An angel of the Lord struck Peter on the side and woke him, saying, “Get up quickly.” And the chains fell off his hands.

Acts 12:7

Salm 146 (English Standard Version)

4 When his breath departs, he returns to the earth;
on that very day his plans perish.
5 Blessed is he whose help is the God of Jacob,
whose hope is in the Lord his God,
6 who made heaven and earth,
the sea, and all that is in them,
who keeps faith forever;
7 who executes justice for the oppressed,
who gives food to the hungry.
The Lord sets the prisoners free;
8 the Lord opens the eyes of the blind.
The Lord lifts up those who are bowed down;
the Lord loves the righteous.
9 The Lord watches over the sojourners;
he upholds the widow and the fatherless,
but the way of the wicked he brings to ruin.
10 The Lord will reign forever,
your God, O Zion, to all generations.
Praise the Lord!

Read more...(to top)

Gníomhartha 12 (English Standard Version)

4 And when he had seized him, he put him in prison, delivering him over to four squads of soldiers to guard him, intending after the Passover to bring him out to the people.
5 So Peter was kept in prison, but earnest prayer for him was made to God by the church.
6 Now when Herod was about to bring him out, on that very night, Peter was sleeping between two soldiers, bound with two chains, and sentries before the door were guarding the prison.
7 And behold, an angel of the Lord stood next to him, and a light shone in the cell. He struck Peter on the side and woke him, saying, “Get up quickly.” And the chains fell off his hands.
8 And the angel said to him, “Dress yourself and put on your sandals.” And he did so. And he said to him, “Wrap your cloak around you and follow me.”
9 And he went out and followed him. He did not know that what was being done by the angel was real, but thought he was seeing a vision.
10 When they had passed the first and the second guard, they came to the iron gate leading into the city. It opened for them of its own accord, and they went out and went along one street, and immediately the angel left him.

Read more...(to top)