Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Déardaoin, 8 Eanáir, 2026

An Bíobla Naofa 1981

Cuimhneoidh mise ar an gconradh a rinne mé leat nuair a bhí tú óg, agus bunóidh mé conradh leat a mhairfidh go deo.

Eizicéil 16:60

Chuaigh sé isteach san Áit Rónaofa aon uair amháin ar fad agus ní le cabhair fuil ghabhar agus laonna é ach lena chuid fola dílis féin agus fuair sé slánú síoraí dúinn.

Eabhraigh 9:12

Eizicéil 16 (An Bíobla Naofa 1981)

57 sular foilsíodh d’olc? Tá tú anois ar aon dul léi; is díol aithise thú ag iníonacha Eadóm agus a comharsana, agus ag iníonacha na bhFilistíneach máguaird a chaitheann drochmheas leat.
58 Tá tú ag díol as do ghraostacht agus as d’imeachtaí gránna – an Tiarna Dia a labhraíonn.
59 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: Sea, roinnfidh mé leat mar atá tuillte agat, tusa a mhaslaigh an gealltanas nuair a bhris tú an conradh;
60 ach cuimhneoidh mise ar an gconradh a rinne mé leat nuair a bhí tú óg, agus bunóidh mé conradh leat a mhairfidh go deo.
61 Cuimhneoidh tú ansin ar do ghníomhartha agus beidh náire ort nuair a ghlacfaidh mé do dheirfiúracha, an sinsear agus an t-óg, lena mbronnadh ort mar iníonacha, cé nach den chonradh leat é seo.
62 Daingneoidh mé mo chonradh leat agus tuigfidh tú gur mise an Tiarna,
63 ionas go mba chuimhin leat agus go gcuirfí cotadh ort agus go gcuirfí i do thost go deo thú de bharr do náire, nuair a mhaithfidh mise duit a bhfuil déanta agat – an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Read more...(to top)

Eabhraigh 9 (An Bíobla Naofa 1981)

9 Samhail is ea é sin atá ag tagairt don am atá ann anois. Ciallaíonn sé go bhfuil tabhartais agus íobairtí á n-ofráil nach bhfuil de chumhacht acu coinsias an adhraitheora a ghlanadh ó pheaca go hiomlán.
10 Óir baineann siad le cúrsaí bia agus dí agus le níocháin éagsúla. Níl iontu ach deasghnátha foirimeallacha atá i bhfeidhm go dtí lá an leasaithe amháin.
11 Ach tháinig Críost agus é ina ardsagart a bhféadfaí na maitheasaí uile a bhí [tagtha] a fháil tríd. Ghabh sé trí bhoth a bhí níos mó agus níos foirfe ná an seancheann; mar ní raibh sí lámhdhéanta, is é sin le rá, níor den saol seo í.
12 Chuaigh sé isteach san Áit Rónaofa aon uair amháin ar fad agus ní le cabhair fuil ghabhar agus laonna é ach lena chuid fola dílis féin agus fuair sé slánú síoraí dúinn.
13 Nuair a chroitear fuil ghabhar agus tharbh agus luaithreach bodóige dóite ar dhaoine atá neamhghlan mar gheall ar dheasghnátha an liotúirge, baintear an neamhghlaine dheasghnáthach seo díobh agus naomhaítear iad.
14 Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d’ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.
15 Agus is é an fáth a bhfuil sé ina idirghabhálaí ar chonradh nua ná ionas go bhfaigheadh na daoine a bhfuil glaoite orthu an oidhreacht shíoraí atá geallta ag Dia dóibh. Is féidir é seo a tharlú anois ós rud é go bhfuair Críost bás in éiric na gcionta a rinneadh le linn an chéad chonartha.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

I will remember my covenant with you in the days of your youth, and I will establish for you an everlasting covenant.

Ezekiel 16:60

Christ entered once for all into the holy places, not by means of the blood of goats and calves but by means of his own blood, thus securing an eternal redemption.

Hebrews 9:12

Eizicéil 16 (English Standard Version)

57 before your wickedness was uncovered? Now you have become an object of reproach for the daughters of Syria and all those around her, and for the daughters of the Philistines, those all around who despise you.
58 You bear the penalty of your lewdness and your abominations, declares the Lord.
59 “For thus says the Lord God: I will deal with you as you have done, you who have despised the oath in breaking the covenant,
60 yet I will remember my covenant with you in the days of your youth, and I will establish for you an everlasting covenant.
61 Then you will remember your ways and be ashamed when you take your sisters, both your elder and your younger, and I give them to you as daughters, but not on account of the covenant with you.
62 I will establish my covenant with you, and you shall know that I am the Lord,
63 that you may remember and be confounded, and never open your mouth again because of your shame, when I atone for you for all that you have done, declares the Lord God.”

Read more...(to top)

Eabhraigh 9 (English Standard Version)

9 (which is symbolic for the present age). According to this arrangement, gifts and sacrifices are offered that cannot perfect the conscience of the worshiper,
10 but deal only with food and drink and various washings, regulations for the body imposed until the time of reformation.
11 But when Christ appeared as a high priest of the good things that have come, then through the greater and more perfect tent (not made with hands, that is, not of this creation)
12 he entered once for all into the holy places, not by means of the blood of goats and calves but by means of his own blood, thus securing an eternal redemption.
13 For if the blood of goats and bulls, and the sprinkling of defiled persons with the ashes of a heifer, sanctify for the purification of the flesh,
14 how much more will the blood of Christ, who through the eternal Spirit offered himself without blemish to God, purify our conscience from dead works to serve the living God.
15 Therefore he is the mediator of a new covenant, so that those who are called may receive the promised eternal inheritance, since a death has occurred that redeems them from the transgressions committed under the first covenant.

Read more...(to top)