Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

>> An Briathar do Déardaoin, 17 Iúil, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig Peadar chuige ansin agus dúirt leis: A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i m’aghaidh? Go dtí seacht n-uaire? Dúirt Íosa leis: Ní go dtí seacht n-uaire a deirimse leat, ach go dtí seacht n-uaire seachtód.

Matha 18:21-22

Agus maith dúinn ár bpeacaí, óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn.

Lúcás 11:4

Matha 18 (An Bíobla Naofa 1981)

18 “Deirim libh go fírinneach, gach uile ní a cheanglaíonn sibh ar talamh beidh siad ceangailte ar neamh, agus nithe ar bith a scaoilfidh sibh ar talamh beidh siad scaoilte ar neamh.
19 “Agus deirim go fírinneach rud eile libh má bhíonn beirt agaibh ar talamh ar aon aigne faoi rud ar bith a bhíonn le hiarraidh acu, beidh sé le fáil acu ó m’Athair atá ar neamh.
20 Óir, mar a mbíonn beirt nó triúr tagtha i gceann a chéile i m’ainmse, bím féin ansin ina measc.”
21 Tháinig Peadar chuige ansin agus dúirt leis: “A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i m’aghaidh? Go dtí seacht n-uaire?”
22 Dúirt Íosa leis: “Ní go dtí seacht n-uaire a deirimse leat ach go dtí seacht n-uaire seachtód.
23 “Agus dá réir sin is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag rí arbh áil leis cuntais a réiteach lena chuid seirbhíseach.
24 Agus i dtosach an réitigh dó, tugadh chuige duine a raibh deich míle tallann amuigh air.
25 Agus ó tharla gan an t-íoc a bheith aige, d’ordaigh an maistir é a dhíol, agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus an t-íoc a dhéanamh.

Read more...(to top)

Lúcás 11 (An Bíobla Naofa 1981)

1 Aon lá amháin agus é in áit áirithe ag guí, nuair a stad sé, dúirt duine dá dheisceabail leis: “A Thiarna, múin dúinne guí, amhail mar a mhúin Eoin dá dheisceabail.”
2 Dúirt sé leo: “Nuair a ghuíonn sibh, abraigí: A Athair, go naofar d’ainm; go dtaga do ríocht;
3 ár n-arán laethúil tabhair dúinn gach lá;
4 agus maith dúinn ár bpeacaí, óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn; agus ná lig sinn i gcathú.”
5 Agus dúirt sé leo: “Má bhíonn duine agaibh agus cara aige, agus go rachaidh sé chuige i lár na hoíche á rá leis: ‘A chara, tabhair trí builíní ar iasacht dom,
6 óir tá cara dom tagtha chun mo thí as a bhóthar agus níl dada agam a chuirfinn os a chomhair’;
7 agus go ndéarfaidh an fear istigh á fhreagairt: ‘Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mo chlann is mé féin sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit’; –

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Peter said to Jesus, Lord, how often will my brother sin against me, and I forgive him? As many as seven times? Jesus said to him, I do not say to you seven times, but seventy times seven.

Matthew 18:21-22

Forgive us our sins, for we ourselves forgive everyone who is indebted to us.

Luke 11:4

Matha 18 (English Standard Version)

18 Truly, I say to you, whatever you bind on earth shall be bound in heaven, and whatever you loose on earth shall be loosed in heaven.
19 Again I say to you, if two of you agree on earth about anything they ask, it will be done for them by my Father in heaven.
20 For where two or three are gathered in my name, there am I among them.”
21 Then Peter came up and said to him, “Lord, how often will my brother sin against me, and I forgive him? As many as seven times?”
22 Jesus said to him,
“I do not say to you seven times, but seventy times seven.
23 “Therefore the kingdom of heaven may be compared to a king who wished to settle accounts with his servants.
24 When he began to settle, one was brought to him who owed him ten thousand talents.
25 And since he could not pay, his master ordered him to be sold, with his wife and children and all that he had, and payment to be made.

Read more...(to top)

Lúcás 11 (English Standard Version)

1 Now Jesus was praying in a certain place, and when he finished, one of his disciples said to him, “Lord, teach us to pray, as John taught his disciples.”
2 And he said to them,
“When you pray, say:
“Father, hallowed be your name.
Your kingdom come.
3 Give us each day our daily bread,
4 and forgive us our sins,
for we ourselves forgive everyone who is indebted to us.
And lead us not into temptation.”
5 And he said to them,
“Which of you who has a friend will go to him at midnight and say to him, ‘Friend, lend me three loaves,
6 for a friend of mine has arrived on a journey, and I have nothing to set before him’;
7 and he will answer from within, ‘Do not bother me; the door is now shut, and my children are with me in bed. I cannot get up and give you anything’?

Read more...(to top)