Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< An Briathar do Dé Céadaoin, 13 Lúnasa, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Ná bí ag maíomh i dtaobh an lae amárach, mar ní eol duit cad a thiocfaidh mar chuid leis an lá.

Seanfhocal 27:1

Más é toil an Tiarna é, mairfimid agus déanfaimid seo nó siúd.

Séamas 4:15

Seanfhocal 27 (An Bíobla Naofa 1981)

1 Ná bí ag maíomh i dtaobh an lae amárach,
mar ní eol duit cad a thiocfaidh mar chuid leis an lá.
2 Moladh an fear thall thú, agus ná déanadh do bhéal féin é;
déanadh an strainseir é, ach ná déanadh do bheola féin.
3 Is trom í an chloch agus tá meáchan sa ghaineamh,
ach is troime ná iad araon ciapadh ó amadán.
4 Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg,
ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?

Read more...(to top)

Séamas 4 (An Bíobla Naofa 1981)

12 Níl ach aon reachtóir agus aon bhreitheamh amháin ann, agus tá cumhacht saortha agus scriosta aigesean. Ach cé hé tusa le breith a thabhairt ar do chomharsa?
13 Féachaigí anseo sibhse a deir: “Rachaimid go dtí a leithéid seo de bhaile inniu nó amárach agus caithfímid bliain ann agus beimid ag trádáil ann agus ag déanamh airgid.”
14 Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin.
15 In ionad a rá: “Más é toil an Tiarna é, mairfimid agus déanfaimid seo nó siúd.”
16 Ach mar atá an scéal, nach sibh atá ag maíomh le barr sotail! Is olc é gach maíomh den sórt sin.
17 An té arb eol dó céard is ceart a dhéanamh agus nach ndéanann é, is peaca dó é.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Do not boast about tomorrow, for you do not know what a day may bring.

Proverbs 27:1

You ought to say, If the Lord wills, we will live and do this or that.

James 4:15

Seanfhocal 27 (English Standard Version)

1 Do not boast about tomorrow,
for you do not know what a day may bring.
2 Let another praise you, and not your own mouth;
a stranger, and not your own lips.
3 A stone is heavy, and sand is weighty,
but a fool's provocation is heavier than both.
4 Wrath is cruel, anger is overwhelming,
but who can stand before jealousy?

Read more...(to top)

Séamas 4 (English Standard Version)

12 There is only one lawgiver and judge, he who is able to save and to destroy. But who are you to judge your neighbor?
13 Come now, you who say, “Today or tomorrow we will go into such and such a town and spend a year there and trade and make a profit”—
14 yet you do not know what tomorrow will bring. What is your life? For you are a mist that appears for a little time and then vanishes.
15 Instead you ought to say, “If the Lord wills, we will live and do this or that.”
16 As it is, you boast in your arrogance. All such boasting is evil.
17 So whoever knows the right thing to do and fails to do it, for him it is sin.

Read more...(to top)