Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Sathairn, 25 Iúil, 2026

An Bíobla Naofa 1981

Go raibh náire ar lucht adhartha na n-íomhánna, a bhíonn ag maíomh as a n-íola gan tairbhe; umhlaíodh na déithe go léir ina fhianaise.

Salm 97:7

Nach déithe ar chor ar bith na déithe a dhéantar le lámha daonna.

Gníomhartha 19:26

Salm 97 (An Bíobla Naofa 1981)

4 Soilsíonn a splancacha an chruinne;
creathnaíonn an talamh ar a fheiceáil.
5 Tagann leá ar na sléibhte ar nós céarach
i bhfianaise Thiarna na cruinne.
6 Fógraíonn na flaithis a fhíréantacht;
feiceann na náisiúin go léir a ghlóir.
7 Go raibh náire ar lucht adhartha na n-íomhánna,
a bhíonn ag maíomh as a n-íola gan tairbhe;
umhlaíodh na déithe go léir ina fhianaise.
8 Cloiseann Síón agus líonann sí d’áthas,
agus tá lúcháir ar chathracha Iúdá
as ucht do bhreithiúnas, a Thiarna.
9 Óir is tú an Tiarna go dearfa
in ardréim os cionn na cruinne,
agus os cionn na ndéithe go léir.
10 Gránn an Tiarna an dream ar gráin leo an t-olc;
déanann sé anamacha a naomh a chosaint,
á bhfuascailt ó láimh na n-éagráifeach.

Read more...(to top)

Gníomhartha 19 (An Bíobla Naofa 1981)

23 Timpeall na haimsire seo tharla achrann mór mar gheall ar an mBealach.
24 Bhí gabha geal ann darbh ainm Déimitrias a bhíodh ag déanamh mionsamhailteacha airgid de theampall Airtimis agus a chuireadh mórán oibre ar fáil do na ceardaithe.
25 Ghlaoigh sé na ceardaithe sin i gceann a chéile agus na hoibreoirí eile a raibh baint acu leis an ngnó agus labhair sé leo: “A fheara,” ar seisean, “mar is eol daoibh is ar an gceird seo atá ár rathúnas ag brath.
26 Tá sé le feiceáil agus le cloisteáil agaibh féin, áfach, go bhfuil slua mór daoine iompaithe uainn lena chuid áitimh ag an bPól seo – agus ní in Eifeasas amháin é ach beagnach ar fud na hÁise ar fad – mar go mbíonn sé á rá nach déithe ar chor ar bith na déithe a dhéantar le lámha daonna.
27 Is é baol atá ann nach ea amháin go dtarraingeofar míchlú ar an ngnó seo againne ach go ndéanfar beagní de theampall an bhandé mhóir Airtimis agus go gcaillfidh Airtimis féin a gradam – bandia a bhfuil urraim á tabhairt di ar fud na hÁise agus ar fud an domhain mhóir.”
28 Ar chloisteáil na cainte sin dóibh tháinig confadh buile orthu agus thosaigh siad ag liúireach: “Airtimis na nEifeasach abú.”
29 Leath an gleo ar fud na cathrach; rug siad ar Gháias agus Arastarchos, beirt Mhacadónach a bhí ina gcompánaigh ag Pól, agus rith siad leo in éineacht isteach san amharclann.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

All worshipers of images are put to shame, who make their boast in worthless idols; worship him, all you gods!

Psalm 97:7

Gods made with hands are not gods.

Acts 19:26

Salm 97 (English Standard Version)

4 His lightnings light up the world;
the earth sees and trembles.
5 The mountains melt like wax before the Lord,
before the Lord of all the earth.
6 The heavens proclaim his righteousness,
and all the peoples see his glory.
7 All worshipers of images are put to shame,
who make their boast in worthless idols;
worship him, all you gods!
8 Zion hears and is glad,
and the daughters of Judah rejoice,
because of your judgments, O Lord.
9 For you, O Lord, are most high over all the earth;
you are exalted far above all gods.
10 O you who love the Lord, hate evil!
He preserves the lives of his saints;
he delivers them from the hand of the wicked.

Read more...(to top)

Gníomhartha 19 (English Standard Version)

23 About that time there arose no little disturbance concerning the Way.
24 For a man named Demetrius, a silversmith, who made silver shrines of Artemis, brought no little business to the craftsmen.
25 These he gathered together, with the workmen in similar trades, and said, “Men, you know that from this business we have our wealth.
26 And you see and hear that not only in Ephesus but in almost all of Asia this Paul has persuaded and turned away a great many people, saying that gods made with hands are not gods.
27 And there is danger not only that this trade of ours may come into disrepute but also that the temple of the great goddess Artemis may be counted as nothing, and that she may even be deposed from her magnificence, she whom all Asia and the world worship.”
28 When they heard this they were enraged and were crying out, “Great is Artemis of the Ephesians!”
29 So the city was filled with the confusion, and they rushed together into the theater, dragging with them Gaius and Aristarchus, Macedonians who were Paul's companions in travel.

Read more...(to top)