Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< An Briathar do Dé hAoine, 1 Bealtaine, 2026

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Iahóiseáfát leis na breithiúna: Machnaigí ar bhur ndualgais, mar níl sibh le breith a thabhairt in ainm daoine, ach in ainm an Tiarna; agus bíonn seisean in éineacht libh agus sibh ag tabhairt breithe.

2 Croinicí 19:6

Déanaigí bhur ndualgas le fonn amhail agus dá mba don Tiarna a bheadh sibh ag seirbhís agus nach do dhaoine.

Eifisigh 6:7

2 Croinicí 19 (An Bíobla Naofa 1981)

3 Tá maitheas éigin ionat mar sin féin mar go bhfuil na cuaillí naofa scriosta as an tír agat, agus tá do chroí dírithe agat ar thóraíocht Dé.”
4 Tar éis tamaill a chaitheamh in Iarúsailéim, thug Iahóiseáfát cuaird ar a phobal ó Bhéar Seaba go hardáin Eafráim, lena dtabhairt ar ais chuig an Tiarna, Dia a sinsear.
5 Cheap sé breithiúna ar fud na tíre i gcathracha daingne Iúdá go léir ceann ar cheann.
6 Dúirt sé leis na breithiúna: “Machnaigí ar bhur ndualgais, mar níl sibh le breith a thabhairt in ainm daoine, ach in ainm an Tiarna; agus bíonn seisean in éineacht libh agus sibh ag tabhairt breithe.
7 Bíodh eagla an Tiarna oraibh anois; tugaigí aire dá mbíonn idir lámha agaibh, mar níl aon bhaint ag an Tiarna ár nDia le calaois ná leathchuma ná le breaba a ghlacadh.”
8 Cheap Iahóiseáfát Léivítigh agus sagairt agus cinn finí Iosraelacha in Iarúsailéim le breith a thabhairt in ainm an Tiarna agus caingne a réiteach. Bhí [a gcúirt acu] in Iarúsailéim,
9 agus thug Iahóiseáfát na treoracha seo leanas dóibh: “Comhlíonaigí bhur ndualgais le heagla an Tiarna, go dílis dúthrachtach.

Read more...(to top)

Eifisigh 6 (An Bíobla Naofa 1981)

4 Agus sibhse, a aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chiapadh, ach iad a thógáil faoi oiliúint agus smacht an Tiarna.
5 A sheirbhíseacha, bígí umhal ómósach do bhur máistrí saolta le dílseacht chroí mar a bheadh sibh do Chríost féin,
6 agus gan bheith ag súilseirbhís ar nós lucht lútála ach sibh ag déanamh toil Dé ó chroí mar a dhéanfadh seirbhísigh Chríost.
7 Déanaigí bhur ndualgas le fonn amhail agus dá mba don Tiarna a bheadh sibh ag seirbhís agus nach do dhaoine,
8 agus a fhios agaibh, cibé ní fónta a dhéanann sibh, go bhfaighidh gach duine, saor nó daor, a chúiteamh ón Tiarna.
9 Agus sibhse, a mháistrí, déanaigíse mar an gcéanna dóibh; caithigí uaibh an bhagairt agus bíodh a fhios agaibh go bhfuil an Máistir céanna agaibhse agus acusan ar neamh agus gur cuma leis siúd duine seachas a chéile
10 Mar bhuille scoir, téigí i neart sa Tiarna le fuinneamh a chumhachta.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Jehoshaphat said to the judges, Consider what you do, for you judge not for man but for the Lord. He is with you in giving judgment.

2 Chronicles 19:6

Render service with a good will as to the Lord and not to man.

Ephesians 6:7

2 Croinicí 19 (English Standard Version)

3 Nevertheless, some good is found in you, for you destroyed the Asherahs out of the land, and have set your heart to seek God.”
4 Jehoshaphat lived at Jerusalem. And he went out again among the people, from Beersheba to the hill country of Ephraim, and brought them back to the Lord, the God of their fathers.
5 He appointed judges in the land in all the fortified cities of Judah, city by city,
6 and said to the judges, “Consider what you do, for you judge not for man but for the Lord. He is with you in giving judgment.
7 Now then, let the fear of the Lord be upon you. Be careful what you do, for there is no injustice with the Lord our God, or partiality or taking bribes.”
8 Moreover, in Jerusalem Jehoshaphat appointed certain Levites and priests and heads of families of Israel, to give judgment for the Lord and to decide disputed cases. They had their seat at Jerusalem.
9 And he charged them: “Thus you shall do in the fear of the Lord, in faithfulness, and with your whole heart:

Read more...(to top)

Eifisigh 6 (English Standard Version)

4 Fathers, do not provoke your children to anger, but bring them up in the discipline and instruction of the Lord.
5 Slaves, obey your earthly masters with fear and trembling, with a sincere heart, as you would Christ,
6 not by the way of eye-service, as people-pleasers, but as servants of Christ, doing the will of God from the heart,
7 rendering service with a good will as to the Lord and not to man,
8 knowing that whatever good anyone does, this he will receive back from the Lord, whether he is a slave or free.
9 Masters, do the same to them, and stop your threatening, knowing that he who is both their Master and yours is in heaven, and that there is no partiality with him.
10 Finally, be strong in the Lord and in the strength of his might.

Read more...(to top)