Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Sathairn, 4 Aibreán, 2026

An Bíobla Naofa 1981

Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne?

Rómhánaigh 8:31

Ná bíodh eagla ort, óir táimse farat. Beannóidh mé thú!

Geineasas 26:24

Rómhánaigh 8 (An Bíobla Naofa 1981)

28 Tá a fhios againn chomh maith go gcomhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle.
29 Mar na daoine a thogh sé roimh ré, cheap sé ó thús iad le bheith ina macasamhla dá Mhac féin sa tslí go mbeadh seisean ina chéadghin ar mhórán bráithre.
30 Agus na daoine a bhí ceaptha ó thus aige is iad sin a ghlaoigh sé; agus na daoine a bhí glaoite aige is iad sin a d’fhíréanaigh sé, agus na daoine a bhí fíréanaithe aige, is iad sin a ghlóirigh sé.
31 Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne?
32 Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith?
33 Agus cé a dhéanfaidh lucht tofa Dé a chúisiú?
34 Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son?

Read more...(to top)

Geineasas 26 (An Bíobla Naofa 1981)

21 Ansin thochail siad tobar eile, agus bhí aighneas eatarthu faoi sin leis, agus thug sé Sitneá (Eascairdeas) air.
22 D’fhág sé an áit sin agus thochail sé tobar eile agus ní raibh aon imreas faoin gceann seo, agus thug sé Rachóbót (Fairsinge) air á rá: “Thug an Tiarna fairsinge dúinn anois agus beidh an rath orainn sa dúiche.”
23 Chuaigh sé as sin go Béar Seaba.
24 Thaispeáin an Tiarna é féin dó an oíche sin agus dúirt:
“Mise Dia d’athar Abrahám.
Ná bíodh eagla ort, óir táimse farat.
Beannóidh mé thú agus cuirfidh mé an rath go líonmhar ar do shíol,
Ar son mo shearbhónta Abrahám.”
25 Thóg sé altóir don Tiarna ansiúd agus ghlaoigh ar ainm an Tiarna. Chuir sé suas a bhoth ann agus thochail daoir Íosác tobar ann.
26 Agus tháinig Aibímeilic ar a thuairisc ó Ghearár agus Achuzat a chomhairleoir agus Fíocol a thaoiseach airm in éineacht leis.
27 Dúirt Íosác leo: “Cad a ba áil libh teacht chugam ós fuath libh mé agus gur chuir sibh chun siúil uaibh mé?”

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

If God is for us, who can be against us?

Romans 8:31

Fear not, for I am with you and will bless you.

Genesis 26:24

Rómhánaigh 8 (English Standard Version)

28 And we know that for those who love God all things work together for good, for those who are called according to his purpose.
29 For those whom he foreknew he also predestined to be conformed to the image of his Son, in order that he might be the firstborn among many brothers.
30 And those whom he predestined he also called, and those whom he called he also justified, and those whom he justified he also glorified.
31 What then shall we say to these things? If God is for us, who can be against us?
32 He who did not spare his own Son but gave him up for us all, how will he not also with him graciously give us all things?
33 Who shall bring any charge against God's elect? It is God who justifies.
34 Who is to condemn? Christ Jesus is the one who died—more than that, who was raised—who is at the right hand of God, who indeed is interceding for us.

Read more...(to top)

Geineasas 26 (English Standard Version)

21 Then they dug another well, and they quarreled over that also, so he called its name Sitnah.
22 And he moved from there and dug another well, and they did not quarrel over it. So he called its name Rehoboth, saying, “For now the Lord has made room for us, and we shall be fruitful in the land.”
23 From there he went up to Beersheba.
24 And the Lord appeared to him the same night and said, “I am the God of Abraham your father. Fear not, for I am with you and will bless you and multiply your offspring for my servant Abraham's sake.”
25 So he built an altar there and called upon the name of the Lord and pitched his tent there. And there Isaac's servants dug a well.
26 When Abimelech went to him from Gerar with Ahuzzath his adviser and Phicol the commander of his army,
27 Isaac said to them, “Why have you come to me, seeing that you hate me and have sent me away from you?”

Read more...(to top)