Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Domhnaigh, 1 Feabhra, 2026

An Bíobla Naofa 1981

Thug Dia amach Abrám agus dúirt: Féach suas ar an spéir agus comhair na réaltaí más féidir duit iad a áireamh. Mar sin, ar sé ansin, a bheidh do shíol.

Geineasas 15:5

Mura seasann sibhse liomsa, níl seasamh i ndán daoibh.

Íseáia 7:9

Geineasas 15 (An Bíobla Naofa 1981)

2 “A Thiarna Dia liom,” arsa Abrám, “cad a thabharfaidh tú dom? Táim fós gan chlann …
3 Féach,” arsa Abrám ansin, “níor thug tú aon sliocht orm i dtreo go mbeidh daor a rugadh i mo theach féin ina oidhre orm.”
4 Agus féach! tháinig briathar an Tiarna chuige gan mhoill: “Ní hé an fear seo a bheidh ina oidhre ort. Beidh mac a ghinfear ó do leasracha féin ina oidhre ort.”
5 Agus thug sé leis amach é agus dúirt: “Féach suas ar an spéir agus comhair na réaltaí más féidir duit iad a áireamh. Mar sin,” ar sé ansin, “a bheidh do shíol.”
6 Agus chreid seisean an Tiarna agus mheas an Tiarna é sin mar fhíréantacht aige.
7 “Mise an Tiarna,” ar sé leis, “a thug tú amach as Úr na gCaildéach, chun go dtabharfainn an tír seo duit mar oidhreacht.”
8 “A Thiarna Dia liom,” ar sé, “cá bhfios dom go mbeidh sé mar oidhreacht agam?”

Read more...(to top)

Íseáia 7 (An Bíobla Naofa 1981)

6 Téimis suas in éadan Iúdá chun scéin a chur ann
agus chun a ghabháil dúinn féin,
agus déanfaimid rí ann
de mhac Thaibéal.’
7 Mar seo a deir an Tiarna Dia:
‘Ní tharlóidh, ní mar sin a bheidh.
8 Is í an Damaisc ceann Arám,
agus Reizín, ceann na Damaisce; Ach i gcionn a sé, ní hea, i gcionn a cúig de bhlianta,
beidh Arám scriosta, agus Eafráim caite síos.
9 is í an tSamáir ceann Eafráim,
agus mac Ramailiá ceann na Samáire. Ach mura seasann sibhse liomsa,
níl seasamh i ndán daoibh.’”
10 Agus labhair an Tiarna le hÁchaz arís agus dúirt:
11 “Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.”
12 D’fhreagair Áchaz: “Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.”

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

The Lord brought Abram outside and said, Look toward heaven, and number the stars, if you are able to number them. Then he said to him, So shall your offspring be.

Genesis 15:5

If you are not firm in faith, you will not be firm at all.

Isaiah 7:9

Geineasas 15 (English Standard Version)

2 But Abram said, “O Lord God, what will you give me, for I continue childless, and the heir of my house is Eliezer of Damascus?”
3 And Abram said, “Behold, you have given me no offspring, and a member of my household will be my heir.”
4 And behold, the word of the Lord came to him: “This man shall not be your heir; your very own son shall be your heir.”
5 And he brought him outside and said, “Look toward heaven, and number the stars, if you are able to number them.” Then he said to him, “So shall your offspring be.”
6 And he believed the Lord, and he counted it to him as righteousness.
7 And he said to him, “I am the Lord who brought you out from Ur of the Chaldeans to give you this land to possess.”
8 But he said, “O Lord God, how am I to know that I shall possess it?”

Read more...(to top)

Íseáia 7 (English Standard Version)

6 “Let us go up against Judah and terrify it, and let us conquer it for ourselves, and set up the son of Tabeel as king in the midst of it,”
7 thus says the Lord God:
“‘It shall not stand,
and it shall not come to pass.
8 For the head of Syria is Damascus,
and the head of Damascus is Rezin.
And within sixty-five years
Ephraim will be shattered from being a people.
9 And the head of Ephraim is Samaria,
and the head of Samaria is the son of Remaliah.
If you are not firm in faith,
you will not be firm at all.’”
10 Again the Lord spoke to Ahaz,
11 “Ask a sign of the Lord your God; let it be deep as Sheol or high as heaven.”
12 But Ahaz said, “I will not ask, and I will not put the Lord to the test.”

Read more...(to top)