Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé hAoine, 31 Deireadh Fómhair, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt mé tráth agus scaoll orm: “Díbríodh as do radharc mé.” Ach d’éist tú le glór mo ghuí nuair a ghlaoigh mé ort.

Salm 31:23

Déanfaidh urnaí an chreidimh an t-othar a shlánú agus tógfaidh an Tiarna suas é agus má tá peacaí déanta aige maithfear dó iad.

Séamas 5:15

Salm 31 (An Bíobla Naofa 1981)

20 Nach lánmhar an mhaitheas atá i dtaisce agat
don dream lenarb eagal tú,
a thugann tú don mhuintir a thriallann ort
i bhfianaise na hÁdhamchlainne.
21 Folaíonn tú iad i do láthairse
ó chúlghearradh daoine.
Coimeádann tú slán i do bhoth iad
ó chlampar teangacha.
22 Moladh leis an Tiarna a nocht dom
móriontas a ghrá
i gcathair dhaingean.
23 Dúirt mé tráth agus scaoll orm:
“Díbríodh as do radharc mé.”
Ach d’éist tú le glór mo ghuí
nuair a ghlaoigh mé ort.
24 Tugaigí grá don Tiarna, a naomha uile;
caomhnaíonn sé na dílsigh.
Ach díolann sé an comhar go hiomlán
le lucht an díomais.
25 Bígí láidir! bíodh misneach in bhur gcroí agaibh,
a dhaoine uile a bhfuil bhur ndóchas sa Tiarna.

Read more...(to top)

Séamas 5 (An Bíobla Naofa 1981)

12 Ach thar aon ní eile, a bhráithre liom, ná tugaigí mionn, dar neamh ná dar talamh, ná dar aon mhionn eile. Nuair a bhíonn “sea” le rá agaibh, abraigí “sea,” agus “ní hea” nuair is “ní hea,” ionas nach dtiocfadh an daorbhreith oraibh.
13 An bhfuil aon duine in bhur measc ag fulaingt? Guíodh sé. An bhfuil lúcháir ar dhuine éigin? Gabhadh sé duan molta.
14 An bhfuil aon duine in bhur measc atá tinn? Cuireadh sé fios ar sheanóirí na heaglaise agus guídís os a chionn agus déanaidís é a ungadh le hola in ainm an Tiarna.
15 Déanfaidh urnaí an chreidimh an t-othar a shlánú agus tógfaidh an Tiarna suas é agus má tá peacaí déanta aige maithfear dó iad.
16 Admhaígí bhur bpeacaí dá chéile agus guígí ar son a chéile ionas go leigheasfar sibh; is mór í éifeacht urnaí dhúthrachtach an duine fhíréanta.
17 Duine daonna ab ea Éilias leis an nádúr céanna linn féin, agus ghuigh sé go dícheallach nach ndéanfadh sé aon bháisteach, agus ní dhearna sé deoir ar an talamh ar feadh trí bliana agus sé mhí.
18 Ansin ghuigh sé arís agus thug an spéir an bháisteach agus thug an talamh a toradh uaithi.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

I had said in my alarm, “I am cut off from your sight.” But you heard the voice of my pleas for mercy when I cried to you for help.

Psalm 31:22

The prayer of faith will save the one who is sick, and the Lord will raise him up. And if he has committed sins, he will be forgiven.

James 5:15

Salm 31 (English Standard Version)

19 Oh, how abundant is your goodness,
which you have stored up for those who fear you
and worked for those who take refuge in you,
in the sight of the children of mankind!
20 In the cover of your presence you hide them
from the plots of men;
you store them in your shelter
from the strife of tongues.
21 Blessed be the Lord,
for he has wondrously shown his steadfast love to me
when I was in a besieged city.
22 I had said in my alarm,
“I am cut off from your sight.”
But you heard the voice of my pleas for mercy
when I cried to you for help.
23 Love the Lord, all you his saints!
The Lord preserves the faithful
but abundantly repays the one who acts in pride.
24 Be strong, and let your heart take courage,
all you who wait for the Lord!

Read more...(to top)

Séamas 5 (English Standard Version)

12 But above all, my brothers, do not swear, either by heaven or by earth or by any other oath, but let your “yes” be yes and your “no” be no, so that you may not fall under condemnation.
13 Is anyone among you suffering? Let him pray. Is anyone cheerful? Let him sing praise.
14 Is anyone among you sick? Let him call for the elders of the church, and let them pray over him, anointing him with oil in the name of the Lord.
15 And the prayer of faith will save the one who is sick, and the Lord will raise him up. And if he has committed sins, he will be forgiven.
16 Therefore, confess your sins to one another and pray for one another, that you may be healed. The prayer of a righteous person has great power as it is working.
17 Elijah was a man with a nature like ours, and he prayed fervently that it might not rain, and for three years and six months it did not rain on the earth.
18 Then he prayed again, and heaven gave rain, and the earth bore its fruit.

Read more...(to top)