Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< >> An Briathar do Dé Máirt, 28 Deireadh Fómhair, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Déanann an fíréan cúram de chearta na mbocht. Ní chuireann a leithéid d’eolas as don urchóideach.

Seanfhocal 29:7

Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n-aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.

Rómhánaigh 12:2

Seanfhocal 29 (An Bíobla Naofa 1981)

4 Daingníonn rí a thír lena cheartas,
ach milleann an feallaire é.
5 An té a thugann bladar dá chomharsa,
leathann sé líon faoina chosa.
6 Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh,
ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach.
7 Déanann an fíréan cúram de chearta na mbocht.
ní chuireann a leithéid d’eolas as don urchóideach.
8 Déanann scigirí cíor thuathail de chathracha,
ach cuireann saoithe srian le fearg.
9 Téadh saoi chun argóna le daoi,
ach cibé acu i bhfearg nó i ngáire é, ní éireoidh leis.
10 Is fuath le lucht fola an fear gan cháim,
ach [is mór le] daoine ionraice a bheo.

Read more...(to top)

Rómhánaigh 12 (An Bíobla Naofa 1981)

1 Ar an ábhar sin, a bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n-íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n-adhradh spioradálta.
2 Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n-aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.
3 De bhrí an ghrásta a tugadh dom, is é a deirim leis an uile dhuine agaibh gan meas thar ceart a bheith ag aon duine air féin ach é féin a mheas go cothrom de réir tomhas an chreidimh a roinn Dia leis.
4 Faoi mar atá mórán ball san aon chorp amháin againn agus gan an cúram céanna ar aon bhall díobh,
5 is é an dála céanna againn féin é: dá líonmhaire atáimid is aon chorp amháin sinn i gCríost agus gach duine againn ina mbaill dá chéile.

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

A righteous man knows the rights of the poor; a wicked man does not understand such knowledge.

Proverbs 29:7

Do not be conformed to this world, but be transformed by the renewal of your mind, that by testing you may discern what is the will of God, what is good and acceptable and perfect.

Romans 12:2

Seanfhocal 29 (English Standard Version)

4 By justice a king builds up the land,
but he who exacts gifts tears it down.
5 A man who flatters his neighbor
spreads a net for his feet.
6 An evil man is ensnared in his transgression,
but a righteous man sings and rejoices.
7 A righteous man knows the rights of the poor;
a wicked man does not understand such knowledge.
8 Scoffers set a city aflame,
but the wise turn away wrath.
9 If a wise man has an argument with a fool,
the fool only rages and laughs, and there is no quiet.
10 Bloodthirsty men hate one who is blameless
and seek the life of the upright.

Read more...(to top)

Rómhánaigh 12 (English Standard Version)

1 I appeal to you therefore, brothers, by the mercies of God, to present your bodies as a living sacrifice, holy and acceptable to God, which is your spiritual worship.
2 Do not be conformed to this world, but be transformed by the renewal of your mind, that by testing you may discern what is the will of God, what is good and acceptable and perfect.
3 For by the grace given to me I say to everyone among you not to think of himself more highly than he ought to think, but to think with sober judgment, each according to the measure of faith that God has assigned.
4 For as in one body we have many members, and the members do not all have the same function,
5 so we, though many, are one body in Christ, and individually members one of another.

Read more...(to top)