Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

<< An Briathar do Dé Céadaoin, 23 Iúil, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Íosa: Ligigí do na leanaí agus ná coiscigí iad ar theacht chugam, óir is lena leithéidí seo ríocht na bhflaitheas.

Matha 19:14

Cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.

Lúcás 18:17

Matha 19 (An Bíobla Naofa 1981)

11 Dúirt sé leo: “Ní hé gach aon duine a ghabhann an chaint sin chuige, ach an mhuintir dá bhfuil sé tugtha.
12 Óir tá coillteáin ann ar mar sin a tháinig siad as broinn a máthar, agus tá coillteáin ann ar ag daoine a coilleadh iad, agus tá coillteáin ann arb iad féin a choill iad féin ar son ríocht na bhflaitheas. Gabhadh chuige an té a fhéadann!”
13 Thug siad leanaí chuige ansin chun go gcuirfeadh sé a lámha orthu ag déanamh guí, ach chuir na deisceabail ceartú orthu.
14 Dúirt Íosa: “Ligigí do na leanaí agus ná coiscigí iad ar theacht chugam, óir is lena leithéidí seo ríocht na bhflaitheas.”
15 Chuir sé a lámha orthu agus bhuail sé roimhe ón áit sin.
16 Tháinig an duine áirithe seo chuige agus dúirt leis: “A Mháistir, cad é an mhaith atá le déanamh agam chun go mbeadh an bheatha shíoraí agam?”
17 Dúirt sé leis: “Cén fáth a bhfiafraíonn tú díomsa faoin maith? Aon neach amháin is maith. Ach más áil leat dul isteach sa bheatha, coinnigh na haitheanta.”

Read more...(to top)

Lúcás 18 (An Bíobla Naofa 1981)

14 Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”
15 Bhíodar ag tabhairt na leanaí beaga chuige freisin chun go sínfeadh sé a lámh orthu; agus ar a fheiceáil sin do na deisceabail bhíodar ag cur ceartú orthu.
16 Ach ghlaoigh Íosa na leanaí chuige, ag rá: “Ligigí do na leanaí teacht chugam agus ná coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé.
17 Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.”
18 D’fhiafraigh duine ainmniúil de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”
19 Dúirt Íosa leis: “Cad chuige go ndeir tú maith liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin.
20 Is eol duit na haitheanta: ‘Ná déan adhaltranas. Ná déan marú. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Tabhair onóir do d’athair agus do do mháthair.’”

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Jesus said, Let the little children come to me and do not hinder them, for to such belongs the kingdom of heaven.

Matthew 19:14

Whoever does not receive the kingdom of God like a child shall not enter it.

Luke 18:17

Matha 19 (English Standard Version)

11 But he said to them,
“Not everyone can receive this saying, but only those to whom it is given.
12 For there are eunuchs who have been so from birth, and there are eunuchs who have been made eunuchs by men, and there are eunuchs who have made themselves eunuchs for the sake of the kingdom of heaven. Let the one who is able to receive this receive it.”
13 Then children were brought to him that he might lay his hands on them and pray. The disciples rebuked the people,
14 but Jesus said,
“Let the little children come to me and do not hinder them, for to such belongs the kingdom of heaven.”
15 And he laid his hands on them and went away.
16 And behold, a man came up to him, saying, “Teacher, what good deed must I do to have eternal life?”
17 And he said to him,
“Why do you ask me about what is good? There is only one who is good. If you would enter life, keep the commandments.”

Read more...(to top)

Lúcás 18 (English Standard Version)

14 I tell you, this man went down to his house justified, rather than the other. For everyone who exalts himself will be humbled, but the one who humbles himself will be exalted.”
15 Now they were bringing even infants to him that he might touch them. And when the disciples saw it, they rebuked them.
16 But Jesus called them to him, saying,
“Let the children come to me, and do not hinder them, for to such belongs the kingdom of God.
17 Truly, I say to you, whoever does not receive the kingdom of God like a child shall not enter it.”
18 And a ruler asked him, “Good Teacher, what must I do to inherit eternal life?”
19 And Jesus said to him,
“Why do you call me good? No one is good except God alone.
20 You know the commandments: ‘Do not commit adultery, Do not murder, Do not steal, Do not bear false witness, Honor your father and mother.’”

Read more...(to top)