Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

An Briathar do Dé Domhnaigh, 18 Bealtaine, 2025

An Bíobla Naofa 1981

Is cosúil an duine sin le crann a plandaíodh ar bhruach na habhann, a thugann a thoradh go tráthúil agus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche. Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé.

Salm 1:3

Dúirt Críost:

Má olann aon duine an t-uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t-uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.

Eoin 4:14

Salm 1 (An Bíobla Naofa 1981)

1 Is aoibhinn don fhear nach leanann
de chomhairle lucht na héagráifeachta;
nach seasann i slí na bpeacach,
agus nach suíonn i gcuideachta na sotalach;
2 ach a bhfuil a dhúil i ndlí an Tiarna,
agus a dhéanann machnamh air de lá agus d’oíche.
3 Is cosúil an duine sin le crann
a plandaíodh ar bhruach na habhann,
a thugann a thoradh go tráthúil
agus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche.
Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé.
4 Ní amhlaidh do na héagráifigh, ní amhlaidh!
ach mar cháith a scaiptear le gaoth.
5 Ionas nach seasfaidh na héagráifigh sa bhreithiúnas
ná na peacaigh i gcomhthionól na bhfíréan.
6 Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan,
ach rachaidh slí na n-éagráifeach ar ceal.

Read more...(to top)

Eoin 4 (An Bíobla Naofa 1981)

11 “Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t-uisce beo seo?
12 An amhlaidh gur mó thú ná ár n-athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?”
13 D’fhreagair Íosa:
“Gach duine a ólann an t-uisce seo,” ar sé léi,
“beidh tart arís air.
14 Ach má olann aon duine an t-uisce a thabharfaidh mise dó,
ní bheidh tart air go brách na breithe.
Ach an t-uisce a thabharfaidh mise dó,
déanfaidh tobar uisce de istigh ann,
ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”
15 Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, tabhair dom an t-uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.”
16 Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar d’fhear agus fill anseo.”
17 D’fhreagair an bhean: “Níl fear agam,” ar sí leis. Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’;

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

The righteous is like a tree planted by streams of water that yields its fruit in its season, and its leaf does not wither. In all that he does, he prospers.

Psalm 1:3

Christ says:

Whoever drinks of the water that I will give him will never be thirsty again. The water that I will give him will become in him a spring of water welling up to eternal life.

John 4:14

Salm 1 (English Standard Version)

1 Blessed is the man
who walks not in the counsel of the wicked,
nor stands in the way of sinners,
nor sits in the seat of scoffers;
2 but his delight is in the law of the Lord,
and on his law he meditates day and night.
3 He is like a tree
planted by streams of water
that yields its fruit in its season,
and its leaf does not wither.
In all that he does, he prospers.
4 The wicked are not so,
but are like chaff that the wind drives away.
5 Therefore the wicked will not stand in the judgment,
nor sinners in the congregation of the righteous;
6 for the Lord knows the way of the righteous,
but the way of the wicked will perish.

Read more...(to top)

Eoin 4 (English Standard Version)

11 The woman said to him, “Sir, you have nothing to draw water with, and the well is deep. Where do you get that living water?
12 Are you greater than our father Jacob? He gave us the well and drank from it himself, as did his sons and his livestock.”
13 Jesus said to her,
“Everyone who drinks of this water will be thirsty again,
14 but whoever drinks of the water that I will give him will never be thirsty again. The water that I will give him will become in him a spring of water welling up to eternal life.”
15 The woman said to him, “Sir, give me this water, so that I will not be thirsty or have to come here to draw water.”
16 Jesus said to her,
“Go, call your husband, and come here.”
17 The woman answered him, “I have no husband.” Jesus said to her,
“You are right in saying, ‘I have no husband’;

Read more...(to top)