Skip navigation and move to Contents...
Bible 2.0 Scripture explains itself Bible 2.0

An Briathar do Déardaoin, 28 Meán Fómhair, 2023

An Bíobla Naofa 1981

Scrúdaigh mé, a Dhia, agus féach mo chroí; déan mo thástáil, agus féach mo smaointe. Féach an bhfuil drochslí á siúl agam; agus seol mé ar shlí na síoraíochta.

Salm 139:23-24

Beidh fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.

Apacailipsis (Taispeántadh) 2:23

Salm 139 (An Bíobla Naofa 1981)

20 Óir déanann siad ceannairc i d’aghaidh go fealltach;
agus tugann do naimhde mionna éithigh.
21 Nach fuath liom, do lucht fuatha, a Thiarna;
nach déistin liom a n-éiríonn i d’éadan?
22 Is amhlaidh atá an ghráin shaolta agam orthu;
dar liomsa is deargnaimhde dom iad.
23 Scrúdaigh mé, a Dhia, agus féach mo chroí;
déan mo thástáil, agus féach mo smaointe.
24 Féach an bhfuil drochslí á siúl agam;
agus seol mé ar shlí na síoraíochta.

Read more...(to top)

Apacailipsis (Taispeántadh) 2 (An Bíobla Naofa 1981)

20 Ach tá sé seo agam i d’aghaidh, go scaoileann tú leis an mbean Ízeibil a thugann banfháidh uirthi féin, agus a mhúineann agus a mheallann mo sheirbhísigh chun adhaltranas a dhéanamh agus bia íobartha d’íola a ithe.
21 Thug mé cairde di chun aithrí a dhéanamh, ach ní háil léi aithrí a dhéanamh ina hadhaltranas.
22 Féach! caithfidh mé ar leaba péine í agus lucht déanta striapachais léi i nduainéis mhór mura ndéana siad aithrí ina hoibreacha;
23 agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.
24 An chuid agaibhse i dTíaitíora, áfach, atá fágtha, iadsan uile nár ghlac leis an teagasc seo agus nár chuir eolas ar dhiamhra Shátain mar a thugann siad orthu, ní chuirfidh mé, a deirim libh, aon ualach eile oraibh;
25 ach coinnígí greim daingean ar a bhfuil agaibh go dtaga mé.
26 Agus an té a bheireann bua agus a choimeádann m’oibreacha go dtí an deireadh, tabharfaidh mé údarás dó ar na ciníocha,

Read more...(to top)

Other Bible Editions

Select...

English Standard Version

Search me, O God, and know my heart! Try me and know my thoughts! And see if there be any grievous way in me, and lead me in the way everlasting!

Psalm 139:23-24

All the churches will know that I am he who searches mind and heart, and I will give to each of you according to your works.

Revelation 2:23

Salm 139 (English Standard Version)

20 They speak against you with malicious intent;
your enemies take your name in vain!
21 Do I not hate those who hate you, O Lord?
And do I not loathe those who rise up against you?
22 I hate them with complete hatred;
I count them my enemies.
23 Search me, O God, and know my heart!
Try me and know my thoughts!
24 And see if there be any grievous way in me,
and lead me in the way everlasting!

Read more...(to top)

Apacailipsis (Taispeántadh) 2 (English Standard Version)

20 But I have this against you, that you tolerate that woman Jezebel, who calls herself a prophetess and is teaching and seducing my servants to practice sexual immorality and to eat food sacrificed to idols.
21 I gave her time to repent, but she refuses to repent of her sexual immorality.
22 Behold, I will throw her onto a sickbed, and those who commit adultery with her I will throw into great tribulation, unless they repent of her works,
23 and I will strike her children dead. And all the churches will know that I am he who searches mind and heart, and I will give to each of you according to your works.
24 But to the rest of you in Thyatira, who do not hold this teaching, who have not learned what some call the deep things of Satan, to you I say, I do not lay on you any other burden.
25 Only hold fast what you have until I come.
26 The one who conquers and who keeps my works until the end, to him I will give authority over the nations,

Read more...(to top)