An Briathar do Dé Luain, 13 Bealtaine, 2024
Ach déanfaidh mé anacal anama ar sheacht míle in Iosrael, gach glúin nár feacadh do Bhál, gach béal nár phog é.
1 Ríthe 19:18
Chuaigh Dainéil chun a thí mar a raibh fuinneoga aige ina sheomra uachtarach oscailte i dtreo Iarúsailéim; trí huaire sa lá théadh sé ar a ghlúine ag guí Dé agus á mholadh, mar ba ghnáth leis roimhe sin.
Dainéil 6:11
17 Cibé a thiocfaidh slán ó chlaíomh Hazáéil, cuirfidh Iéahú chun báis iad; agus cibé a thiocfaidh slán ó chlaíomh Iéahú cuirfidh Eilíseá chun báis iad. |
18 Ach déanfaidh mé anacal anama ar sheacht míle in Iosrael, gach glúin nár feacadh do Bhál, gach béal nár phog é.” |
19 D’imigh sé ón áit sin agus tháinig ar Eilíseá mac Sheáfát agus é ag treabhadh; bhí dhá dhamh déag sa chuingir aige agus é féin leis an dara ceann déag. Chuaigh Éilias thart i ndeas dó agus chaith a chlóca anuas air. |
10 Uime sin shínigh an rí Dáire an chairt agus an reacht. |
11 Nuair a thuig Dainéil gur síníodh an chairt, chuaigh sé chun a thí mar a raibh fuinneoga aige ina sheomra uachtarach oscailte i dtreo Iarúsailéim; trí huaire sa lá théadh sé ar a ghlúine ag guí Dé agus á mholadh, mar ba ghnáth leis roimhe sin. |
12 Ansin [bhrúcht] an mhuintir seo chuige agus fuair siad Dainéil ag guí is ag achainí i láthair a Dhé. |